

Anseo is féidir leat na socraithe a roghnú a dhéanann GeoAze saincheaptha, mar an stíl, beochan ceisteanna mí-cheart agus maisíocht fuaime. Sábháiltear na socraithe a dhéantar anseo nuair a fhágann tú GeoAze agus lódáileann siad go huathoibritheach an chéad uair eile a thosnaíonn an chluiche.
Style
Tá Ineall Stíle nua ag GeoAze a chuireann ar do chumas ceann ar bith de na stíle seo a roghnú, mar sh. :
Roghnaigh stíl nua agus féach ar GeoAze cuma agus mothú nua a thógáil
|
![]() |
![]() |
![]() |
Teanga
Anseo is féidir leat an teanga theastaíonn uait a roghnú do GeoAze.
Freagraí Mí-Chearta a Splancú
De gnáth nuair nach fhreagraíonn imreóir an ceist I gceart, sé a thárlaíonn don cnaipe ná go nathraíonn sé a dath ó glas go dhearg, ionas go mbeidh fhios ag an dalta gur dhein sé/sí botún. Is cabhair seo dó gan an botún sin a dhéanamh arís.
Má tá tic sa bhosca seo splancann an cnaipe freisin chun go bhfeicfear níos soiléire é.
Bain Úsáid as Maisíocht Fuaime
Má tá tic sa bhosca seo seinnfidh GeoAze fuaimeanna éagsúla ag pointí áirithe den chluiche (m.sh. nuair a fhreagraíonn siad an cheist I gceart/go mícheart). Déanann seo an cluiche níos taitneamhaí do na himreóirí.
Nóta: Beidh tú ábalta na fuaimeanna seo a chloisteáil má tá cárta fuaime agus callairí suiteáilte I gceart I do ríomhaire.
Ná taispeáin míreanna léarscáile nach bhfuil sa leibhéal láithreach
Tá fó-ghrúpa de na míreanna léarscáile (ceisteanna) go léir le fáil sna leibhéil níos éascaí. Muna bhfuil tic sa bhosca seo, ní hamháin go mbeidh ar do chumas na míreanna léarscáile atá sa leibhéal a roghnaigh tú a fheiceáil, ach beidh tú i ndon pé ceisteanna(níos deacra) a fheiceáil a d'fhéadfaí a chur ort , dá mba rud é gur phioc tú leibhéal níos airde. Tá dath buí ar na míreanna (níos deacra) seo chun idirdhealú a dhéanamh eatarthu, agus ní bheidh ort iad a fháil i rith chluiche. B'Fhéidir gurbh fhiúntach an rud é na míreanna léarscáile go léir agus a ngaol lena chéile a fheiceáil, ach is féidir leat na cinn eile a chur i bhfolach, más maith leat, tré tic a chur sa bhosca seo.
![]() I mBun Imreóirí |
![]() Lámhleabhair An Chluiche |