An Eagarthóir Leibhéil

An Eagarthóir Leibhéil

Ag baint úsáid as an Eagarthóir Leibhéil, is féidir leat do leibhéil pearsanta féin a chruthú agus a athrú. Tagann GeoAze le 4 leibhéil de dheachrachta: Éasca, Meán, Deachair agus Oilte. Ag baint úsáid as an Eagarthóir Leibhéil áfach, tá ar do chumas leibhéal nua glan a chruthú, a lódáileann go huathoibritheach gach uair a thosnaíonn an cluiche, is é sin le rá go bhfuil na ceithre leibhéil ionsuite ann agus pé leibhéal a chruthaigh tú fhéin.

Nóta: Taispeánann an liosta ar chlé na leibhéil go léir; taispeánann an liosta ar dheis sonnraithe den leibhéal roghnaithe faoi láthair san ceann uachtarach. Roghnaigh leibhéal atá ann cheana ó'n liosta ar chlé (nó cruthaigh ceann nua) , agus déan na gnéithe a athrú sa cheann ar dheis.

Chun Leibhéal Pearsanta a chruthú, is féidir leat tosnú le cheann atá ann cheana (trí é a roghnú ó'n liosta ar chlé) nó cheann nua a chruthú ó thús trí cliceáil ar an cnaipe Nua Nua. Pé slí a roghnaíonn tú, déan athraithe don leibhéal trí tic a chur nó a bhaint de bhoscaí sna liostaí íochtaracha. Coimeádtar nó fágtar amach na míreanna oiriúnacha ó'n leibhéal mar sin. Nuair atá tú sásta lena bhfuil sa leibhéal, déan é a shábháil ag baint úsáid as an cnaipe Coinnigh (Sábháil) Coinnigh (Sábháil), nó Coinnigh MarCoinnigh Mar. Bíodh fhios agat nach féidir na leibhéil ionsuite a athrú.

Chun cabhair a fháil le seo, is féidir leat cliceáil ar an ? sa chúinne thuas ar dheis den dialóg seo agus ansin ar an eilimint faoina bhfuil cabhair de dhíth ort.


Mar Shompla .....Leibhéal pearsanta a chruthú do rang áirithe

Is féidir leat an Eagarthóir Leibhéil a úsáid chun leibhéal a chruthú atá an-oiriúnach do scoláirí I Rang 4 mar shompla. Cuir I gcás go bhfuil an leibhéal ionsuite Meán beagnach an rud atá oiriúnach duit, ach go bhfuil cupla baile atá ró-dhian agus gur mhaith leat cupla chontae ó'n leibhéal Deachair a chur isteach. Roghnaigh leibhéal Meán san liosta uachtarach, mar gur é an áit tosnathe é. Anois cliceáil ar an cnaipe Coinnigh Mar Coinnigh Mar agus cuir isteach "Rang 4" nuair a fhiafraíonn GeoAze díot faoi ainm. (Tabhair pé ainm is maith leat air ach amháin ainm atá ann cheana.). Anois tá cóip den leibhéal Meán cruthaithe agat agus "Rang 4 " tugtha air mar ainm . Tá ar do chumas athraithe a dhéanamh don leibhéal seo. (Nóta: Ní féidir leat an leibhéal Meán a athú mar go bhfuil se ionsuite agus caithfidh go bhfanfaidh sé mar atá. Aithneofar na leibhéil ionsuite tré na chomharthaí difriúla sa liosta uachtarach).

Anois faigh na bailte sa liosta ar dheis a cheapann tú go bhfuil ró-dheachair agus bain amach an tic sa bhosca. Anois tá siad imithe ód' leibhéal nua "Rang 4". Faigh na contaethe gur mhaith leat a chur isteach agus cuir isteach tic sa bhosca. Anois tá siad le fáil id' leibhéal nua "Rang 4". Ar deireadh cliceáil ar an cnaipe Coinnigh Coinnigh cun na hathraithe sin a shábháil sa leibhéal nua "Rang 4"

Sin é ! Cliceáil ar an cnaipe Ok Ok ag bun an dialóg chun a insint do GeoAze go bhfuil tú sásta lena bhfuil déanta agat, agus feicfidh tú gur féidir leat do leibhéal chluiche a roghnú díreach dá mba leibhéal ionsuite é san Dialóg De Chluiche Nua nó nuair atá tú ag priontáil bileoga oibre. an Eagarthóir Leibhéil agus na Bileoga Oibre a phriontáil le fáil ach amháin má cheannaíonn tú ceadúnas GeoAze Pro.


Nóta: Níl na Leibhéal Oilte, an Eagarthóir Leibhéal agus na Bileoga Oibre a phriontáil le fáil ach amháin má cheannaíonn tú ceadúnas GeoAze Pro .


Next
An Príomh Scáileáin
Home
Lámhleabhair An Chluiche
Back
Bileoga Oibre a Phriontáil