An Príomh Scáileáin

An Príomh Scáileáin

Tar éis duit cluiche a roghnú sa Dialóg Chluiche Nua lean ar aghaidh go dtí an phríomh fhuinneog in GeoAze, agus feicfidh tú an léarscáil a phioc tú. Ar chlé den phríomh scáileán , feicfidh tú Cnaipí Úirlisí, cuireann siad ar do chumas gníomhaíochta éagsúla a dhéanamh (féach thíos). Ar dheis tá an dialóg Sonnraithe Den Chluiche.

Nóta: Má tá an léarscáil ró mhór don scáileán, tiocfaidh scrollbharraí nuair atá gá leo, mar sin beidh tú ábalta an léarscáil a "scroll" mar is mian leat. Ach, níos éascaí fós, is féidir leat cliceáil in aon áit sa chúlra den léarscáil (i.e. ach amháin ar cnaipe) leis an luchóg chlé agus an léarscáil a tharraingt timpeall .

Dialóg Sonnraithe an Chluiche

Dialóg Sonnraithe an Chluiche

Taispeánann an dialóg seo sonnraithe de staid láithreach den chluiche, mar shompla, an t-imreoir láithreach , an léarscáil roghnaithe, an scór láithreach agus an cheist láithreach.

Nóta: Ciallaíonn 4/5 (37) gur cuireadh 5 gceist ar an imreóir, gur fhreagair sé/sí 4 gcinn cearta, agus nár cuireadh 32 cheann ( b'fhéidir go bhfuil an chluiche ar siúl fós, nó b'fhéidir gur thosnaíodh cluiche nua sular gcuireadh an 32 cheist dheireannach).

Cliceáil ar an X sa chúinne thuas ar dheis den dialóg seo chun scoránaigh idir íosmhéid ( chun níos mó spás a bheith agat don léarscáil ) agus an gnáth leagan den dialóg.

Dialóg Sonnraithe an Chluiche Min

Na Cnaipí Úirlisí

Next
Cluiche Nua A Thosnú
Home
Lámhleabhair An Chluiche
Back
An Eagarthóir Leibhéil